Comhghairdeas l’Óisín Ó Cathasaigh, le Denise Nic Inneirí agus l’Aaron Ó Domhnaill Ó Murchú a ghlac pairt i Scór na bPáistí i gCnocán na Biolraí le déanaí. Bhí Aaron agus Óisín ar an mbosca ceoil agus bhí Denise ar an gconsairtín. Ádh mór ar Óisín a rachaidh ar aghaidh go dtí craobh an chontae ag tús mí Márta. Tá pobal Gaelscoil Choráin fíor bhródúil astu. Buíochas do mhúinteoir Cáit a d’fhreastal ar na comórtaisí ar fad chun tacaíocht a thabhairt dóibh. Ár gceol sibh.