Tuairisc Aontaithe ón mBord Bainistíochta/Agreed Report from the Board of Management

February 17, 2018

Bhuail An Bord Bainistíochta ar an Luan, An 12ú Feabhra, 2018 ar a 7.30 i.n.

Seo an tuairisc aontaithe ón gcruinniú sin.

  • Foilsíodh nósanna imeachta nua um chosaint leanaí do bhunscoileanna agus iar-bhunscoileanna roimh na Nollag. Caithfidh gach scoil ‘Ráiteas um Cosaint Leanaí’ a scríobh agus measúnú riosca a dhéanamh maidir le cosaint leanaí roimh an 11ú Márta. Tar éis an spriocdáta seo beidh an ‘Ráiteas um Chosaint Leanaí’ á leanúint in áit an ‘Polasaí um Chosaint Leanaí’. Cuifear cóip daingnithe ar shuíomh na scoile. Tá sé de dhualgas ar an mBord Bainistíochta catagóiriú a dhéanamh ar na rioscaí agus athbhreithniú a dhéanamh ar an measúnú riosca go bliantúil. Tá cead ag gach scoil dhá leathlae a thógaint chun dul i ngleic leis na dualgais atá i gceist. Beidh dhá leathlae á thógaint ag an scoil ar an Mháirt, An 20ú Feabhra agus ar an nDéardaoin, An 1ú Márta. Rachaidh na daltaí abhaile ar a 12 i.n.
  • D’éirigh go h-iontach le triúr cheoltóir sa scoil i Scór na bPáistí le déanaí. Ghlac Óisín Ó Cathasaigh, Denise Nic Inneirí agus Aaron Ó Domhnaill Ó Murchú páirt sa chomórtas. Rachaidh Óisín Ó Cathasaigh ar aghaidh chuig craobh an chontae ag tús mí Márta. Ghabh an Bord comhghairdeas leo.
  • Ceannaíodh dífhibrileoir scoile agus beidh sé curtha ar an bhfalla lasmuigh de gheataí na scoile ionas go mbeidh sé ar fáil más gá do phobal na scoile agus d’éinne go mbeadh sé uathu. Tá costas €2,000 ar an ndífhibrileoir agus ar an mbosca ina mbeidh sé stórálta. Beidh costas ar an obair leictreachais freisin. Chuir ‘Youghal Responders’ traenáil ar fáil do dhaltaí ó Rang 4 go Rang 6 agus beidh traenáil á chur ar gach ball foirne an mhí seo. Ghabh an Bord buíochas do Chomhairle na dTuistí as an ndíolachán cístí a d’eagraíodar don chúis iontach seo.
  • Roimh saoire an tSamhraidh beidh triomadóirí láimhe curtha sna leithris ar fad sa scoil in áit na tuáillí láimhe. Tá praghasanna agus meastacháin á fháil faoi láthair ar na triomadóirí agus ar an tseirbhís leictreachais.
  • Pléadh an turas gaeltachta agus seachtain na gaeilge atá á neagrú faoi láthair. Rachaidh daltaí ó Rang 6 chuig Ceann Trá i gContae Chiarraí ar an 22ú Bealtaine agus fillfidh siad thar n-ais ar an 24ú Bealtaine. Beidh an Príomhoide, an Príomhoide Táinisteach, múinteoir agus cúntóir riachtanais speisialta leo.
  • Tiocfaidh cigire na ndeoise ‘An tSiúr Clár’ ar cuairt chun na scoile ar an 2ú Márta, 2018. Beidh imscrúdú á dhéanamh aici ar theagasc agus ar fhoghlaim an curaclam creidimh.
  • Céiliúradh Seachtain na Scoileanna Caitliceacha sa scoil le déanaí. D’fhreastal daltaí ó Rang a 3 go Rang 6 ar aifreann i séipéal na trá. Bhí gach rang agus pobal na scoile páirteach i ngníomhaíochtaí spioradálta i rith na seachtaine.
  • Céiliúradh lá na seantuismitheoirí agus na cáirde speisialta sa scoil ar lá le Coráin ar an 9ú Feabhra. B’ócáid álainn é agus b’eispéaras saibhriúcháin é. Mhol an Bord Bainistíochta an sár obair a chuir gach éinne i bpobal na scoile isteach ag ullmhú don ócáid seo.

Beidh an chéad cruinniú eile den Bhord Bhainistíochta ar an Mháirt, An 6ú Márta, 2018.

*******************************************************************************************************

The Board of Management met on Monday, February 12th, 2018 at 7.30 p.m.

The following is the agreed report from the meeting.

  • New child protection guidelines and procedures for primary and post-primary children were published prior to Christmas. Every school is obliged to develop a ‘Child Safeguarding Statement’ and to conduct a child protection risk assessment prior to March 11th. After this deadline the ‘Child Safeguarding Statement’ will replace the schools existing ‘Child Protection Policy’. On completion, a copy of the ’Child Safeguarding Statement’ will be made available on the school website. The Board of Management is obliged to categorise and to rank the identified possible child protection risks and to conduct a yearly review of same. All schools have been granted departmental permission to close for two half days so as to engage with this process and to provide training for all staff members. The school will close for these purposes on Tuesday, February 20th and on Thursday, March 1st at 12 p.m.
  • The Board congratulated three of the schools young musicians on their wonderful achievements in ‘Scór na bPáistí’ of late. Óisín Ó Cathasaigh, Denise Nic Inneirí and Aaron Ó Domhnail Ó Murchú participated in the competition. Óisín Ó Cathasaigh will go on to participate in the county championship in early March. The Board wishes him well.
  • The school recently purchased a school defibrillator and agreed that it will be placed on the wall outside the school gate so as to be accessible to all members of the school community and the community in general. The cost of this defibrillator and its storage box is €2,000. A fee will also be incurred in running an underground cable to a power source and quotes are currently being sought for this work. The Board thanked ‘Youghal Responders’ for the training which they recently provided to students in Rang 4 to Rang 6. Training will also be provided this month after school hours for all staff members. The Board also thanked the Parents’ Council for the very successful cake sale fundraiser which they held so as to fund the purchase of this equipment.
  • Prior to the summer holidays hand dryers will be purchased and fitted in all toilet rooms in the school and will thus replace hand towels. Prices and quotes for the purchase and fitting of same are currently being sought.
  • A gaeltacht trip for students in Rang 6 and ‘Seachtain na Gaeilge’ are currently being organised. It is anticipated that students in Rang 6 will attend the gaeltacht from May 22nd to May 24th. They will be accompanied by the Principal, the Deputy Principal, a teacher and an SNA.
  • The diocesan inspector ‘Sr. Claire’ will visit the school on March, 2nd. She will examine the teaching and learning of the Religious Education curriculum in each class.
  • The school recently celebrated Catholic School’s Week. All students form Rang 3 to Rang 6 attended morning mass in the Strand Church. All classes and the school community were involved in a number of spiritual activities.
  • The school celebrated ‘Grandparents and Special Friends Day’ on St. Coran’s Day – February 9th. It was a wonderful and enriching experience for all. The Board commended the work of the entire school community in preparing for this occasion.

The next meeting of the Board of Management will be on Tuesday, March, 6th, 2018.

 

 

 

 

 

Leave a reply
Scór na bPáistíScoil Dúnta go dtí dé Luain, An 5ú Márta

Leave Your Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

You may use these HTML tags and attributes: <a href="" title=""> <abbr title=""> <acronym title=""> <b> <blockquote cite=""> <cite> <code> <del datetime=""> <em> <i> <q cite=""> <strike> <strong>