Bhí tionól scoile againn sa scoil le déanaí. Tugadh aitheantas do dhaltaí i ngach rang do labhairt na gaeluinne, d’eitic oibre den scoth agus do mhuintearas agus do chineáltas. Chan gach rang go binn ag an dtionól. Bhí gliondar chroí ar na páistí leis na teastais agus leis na duaiseanna álainne a fuaireadar. ‘Mol an óige agus tiocfaidh sí’. Comhghairdeas leo ar fad.