Oíche Shamhna shona daoibh go léir. Bhíomar fíor ghnóthach sa scoil le linn na seachtaine ag gearradh puimcíní agus ag maisiú a naghaidheanna. D’oibrigh daltaí ó na ranganna sóisearacha le Príomhoide Caitríona agus d’oibrigh Rang 6 leis an bPríomhoide Táinisteach Eoin. Chuireamar coinnle oíche isteach sna puimcíní agus mhúchamar na soilse. B’iontach an radharc a bhí againn leis na puimcíní ar lasadh sa dhorchadas! Nach iontach an féile í Oíche Shamhna.
Bainigí go léir taitneamh as an mbriseadh idir téarma. Osclóidh an scoil ar an 6ú Samhain.