Clasaic Gailf 2017

April 27, 2017

Eagraíodh clasaic gailf i rith saoire na Cásca mar thiomsaitheoir scoile agus bhí oíche chéiliúrtha sa chumann gailf oíche dé hAoine ag ócáid bronnadh na nduaiseanna.  Moladh na galfdóirí iontacha ar fad as glacadh páirt agus as a gcuid cothrom na féinne a léiríodh agus iad ag imirt.

S’éard a dúirt Bobby Jones:

‘Golf is the closest game to the game we call life. You get bad breaks from good shots; you get good breaks from bad shots but you have to play the ball where it lies’.

Ba mhaith le bainistíocht Gaelscoil Choráin buíochas ó chroí a ghabhail le gach éinne a chabhraigh i ngach aon slí chun an clasaic gailf iontach a eagrú agus a reachtáil mar thiomsaitheoir scoile. Bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch agus bhí an fharraige ag gliosarnach faoi theas na gréine.

Bunaíodh Gaelscoil Choráin i 1983 agus níl dabht ar bith ach go bhfuil an scoil ag dul ó neart go neart ó shoin. Tá sé mar aidhm ag an scoil oideachas páiste lárnach den chéad coth a chur ar fáil dos na daltaí ar fad faoinár gcúram. Úsáidfear an t-airgead a bheidh bailithe ón gclasaic gailf seo chun fearas teicneolaíocht an eolais  fhás agus a fhorbairt sa scoil agus chun fearas corpoideachais a cheannach don scoil. Mol an óige agus tiocfaidh sí agus aois na hóige aois na glóire.

IMG_1454 IMG_1455 IMG_1460

 

Leave a reply
Chernobyl Aid IrelandTuairisc Aontaithe ón mBord Bainistíochta/Agreed Report from the Board of Management

Leave Your Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

You may use these HTML tags and attributes: <a href="" title=""> <abbr title=""> <acronym title=""> <b> <blockquote cite=""> <cite> <code> <del datetime=""> <em> <i> <q cite=""> <strike> <strong>