Bhí ceardlann scannánaíochta ag Rang 6. D’fhoghlaim siad scileanna scannánaíochta agus bhí deis acu a gcuid gearr scannán féin a chur le chéile. Bhí ar na páistí úsáid a bhaint as bogearraí chun na griangrafanna ar fad a chur le chéile agus scannán a dhéanamh astu. Lig an cheardlann seo dos na páistí a gcuid samhlaíochta a úsáid agus is léir go bhfuil roinnt Steven Spielberg inár measc.