Mar chuid den Ghradam Eolaíochta thug altra Fiona Breathnach cuairt ar Rang 5 chun míniú dóibh conas a oibríonn an chroí. Mhínigh sí dóibh faoin gcuisle agus buille an chroí agus bhí na páistí ábalta triail a bhaint as steiteascóp . Bhí na daltaí faoi dhraíocht nuair a ghearr Fiona croí caorach i ndá chuid chun na codanna éagsúla den chroí a thaispeáint dóibh. Bhíomar go léir fíor bhuíoch de Fiona Breathnach as ucht a chuid ama agus eolais a roinnt linn.