Turas Bronnta na Sóisear in Ollscoil Chorcaí

September 29, 2015

 

Ghlac Rang 6 páirt i gclár bronnta na sóisear in Ollscoil Chorcaí dé Máirt, An 29ú Meán Fómhair. Tionscnamh atá i gceist, chun na daltaí bunscoile a ghríosadh agus a spreagadh chun tosnú ag smaoineamh faoina dturais oideachasúla a leanúint go dtí an triú léibhéal. ‘Tús maith, leath na h-oibre’! Bhí na daltaí gléasta ins na róbaí bronnta agus ní bréag é a rá, go rabhadar ar bís agus lán de theaspach agus de dhíograis agus iad ag gabhailt timpeall an choláiste! Míníodh stair an choláiste dóibh agus d’fhoghlamaíodar faoin t-Uasal Seoirse Boole, matamaiticeoir agus fealsamh a d’oibrigh sa choláiste. Thugadar faoi ndeara go bhfuil leabharlann sa choláiste ainmnithe ina onóir. Baineann roinnt piseóga leis an gcoláiste agus chloisfeá biorán ag titim nuair a bhíodar á nochtadh dos na daltaí! Bronnadh teastas ar gach dalta ag deireadh an turais agus b’iontach an radharc é na haghaidheanna gealgháireacha a fheiscint. Lá fíor-shuimiúil agus taitneamhúil a bhí ann. Mar a deireann armas na scoile ‘Mol an óige agus tiocfaidh sí’

image image image image image image image image

Leave a reply
Taispeántas Ealaíne Walter FeóirlingSchool Calendar – Féilire Scoile 2016-2017

Leave Your Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

You may use these HTML tags and attributes: <a href="" title=""> <abbr title=""> <acronym title=""> <b> <blockquote cite=""> <cite> <code> <del datetime=""> <em> <i> <q cite=""> <strike> <strong>