Taispeántas Ealaíne Walter Feóirling

September 28, 2015

IMG_7959 IMG_7960 IMG_7963 IMG_7969 IMG_7973

Thug Rang 6 cuairt ar thaispeántas ealaíne Walter Feóirling, i mbaile na h-Eochaille Dé Luain. Is péintéir é Walter go bhfuil clú agus cáil air ar fud na tire agus fiú amháin, ar fud an domhain. Is ealaíontóir tírdhreacha é agus bíonn gach pictiúr á phéinteáil aige lasmuigh, en plein air, le seastán ealaíne agus pailléad. Chuir Walter agus a h-iníon Cáit atá mar ghariníon leis an gceoltóir éagtha cáiliúil Seán Ó Riada, fáilte roimh Rang 6. Thaispeánadar an saothar álainn don Rang agus mhíníodar na scéalta a bhain leis na pictiúirí. Tugadh cead dos na daltaí sceitsí a dhéanamh des na pictiúirí a thaitin leo. Bhí Walter an sásta go deo leis na h-ealaíontóirí óga!! Tháinig gach éinne thar n-ais ón dtaispeántas ealaíne le léirthuiscint níos fearr ar obair an ealaíontóra. Ár mbuíochas do Walter agus do Cháit.

Leave a reply
Tráth na gCeistTuras Bronnta na Sóisear in Ollscoil Chorcaí

Leave Your Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

You may use these HTML tags and attributes: <a href="" title=""> <abbr title=""> <acronym title=""> <b> <blockquote cite=""> <cite> <code> <del datetime=""> <em> <i> <q cite=""> <strike> <strong>