Tuairisc Aontaithe ón mBord Bainistíochta

September 23, 2019

Tuairisc Aontaithe ón mBord Bainistíochta/Agreed Report from the Board of Management

Bhuail An Bord Bainistíochta ar an gCéadaoin, An 18ú Meán Fómhair, 2019 ar a 7.30 i.n.

Seo an tuairisc aontaithe ón gcruinniú sin.

  • Bhí ceithre cheapachán nua do phostanna ar théarma seasta i rith an tSamhraidh chun post iasachta amháin, dhá phost gairme agus post cúntóra Riachtanais Speisialta Oideachais a líonadh. Ceapadh Carmel Uí Chiardha-Bhriain, Sinéad Ní Chonaill, Aisling Ní Fhlaithearta agus Antóin Ó Diolúin. Gabhadh comhgháirdeas leis an gceathrar agus guíodh gach beannacht agus rath orthu don bhliain amach rompu agus ina saoil ghairmiúil.
  • Gabhadh buíochas leis an tAthar Winkle a chaith trí mbliana déag ar an mBord Bainistíochta agus a d’oibrigh go dian leis an scoil ag ullmhú na daltaí do shacraimint an Chóineartú. Tá an tAthar Winkle lonnaithe mar shagart paróiste i gCarraig Thuathail anois. Guíodh gach beannacht agus gach rath air.
  • Gabhadh buíochas leis na misinéirí a d’oibrigh sa scoil ar feadh seachtaine leis na daltaí. Ba phléisiúr é do phobal na scoile ina h-iomlána iad a bheith linn agus bhain gach éinne a bhí páirteach taitneamh astu.
  • Rachaidh téarma ceithre bliana an Bord Bainistíochta in éag ar an 30ú Samhain, 2019. Beidh Bord Bainistíochta nua ceapaithe don 1ú lá de mhí na Nollag, 2019. Ghabh an Bord buíochas leis na baill uilig as a ndíograis agus as a ndúthracht.
  • Rinneadh roinnt athchóiriú sa scoil i rith saoire an tSamhraidh. Péinteáladh na fallaí, na síleáil agus na dóirse ar fad ar an gchéad úrlár, cuireadh soilse dé-óide astaite solais isteach agus cuireadh cistin fheistithe sa seomra foirne. Ghabh an Bord buíochas le Príomhoide Caitríona Ní Riada as an t-eagrúcháin ar fad a bhí i gceist chun an obair sin a chur i gcrích.
  • Tá pobal na scoile an-bhrodúil as an ngáirdín scoile atá ag bláthú. Gabhadh buíochas leis an gcoiste garraíodóireacha a thug aire don gháirdín i rith saoire an tSamhraidh. Chuir Príomhoide Caitríona Ní Riada iarratas isteach l’ARGOS chun an gháirdín scoile a aithint mar thionscnamh go bhfhéadfaidís obair uirthi mar chuid dena bhfreagracht shóisialta chorparáideach. Rinneadar sár obair go deo saor in aisce sa scoil. Péinteáladh na bláthcheapacha, baineadh na fiailí agus tógadh bunphláta don mhúiríneoir. Ghabh an Bord Bainistíocht buíochas ó chroí leo as an lámh cúnamh iontach a thugadar don scoil.
  • Beidh dráma na Nollag ar siúl sa scoil ar an nDéardaoin, An 12ú Nollag. Beidh ticéid crannchur ar díol lasmuigh de SuperValu ar an Aoine, An 6ú Nollag.
  • Tá an scoil gnóthach ag cur cúrsaí spóirt chun cinn. Tá poundfit á dhéanamh ag gach rang sa scoil faoi láthair agus tá na páistí ar fad ag baint an taitneamh go deo as. Beidh scileanna caide ar siúl ag Naíonáin Bheaga go Rang 2 ar feadh sé seachtaine ag tosnú lár mí Dheireadh Fómhair agus beidh rugbaí leaiste ar siúl ag Rang 3 go Rang 6 ar feadh cúig seachtaine. Beidh Rang 3 agus Rang 4 ag tosnú ranganna snámha ar feadh sé seachtaine lár mí Dheireadh Fómhair. Tá na ranganna sínsearacha ag glacadh páirt i Sciath na Scol faoi láthair agus beidh daltaí ó Rang 1-6 ag glacadh páirt i rásaíocht trastíre ar an 27ú Meán Fómhair. Gabhadh buíochas ar leith leis an bPríomhoide Táinisteach Eoin Ó Siochrú agus le múinteoir Alf Ó Duinnshléibhe atá ag traenáil na foirne agus leis an gcúntóir RSO Antóin Ó Diolúin a thaistlíonn leo chuig na cluichí.
  • Tá blitz caide eagraithe ag an gCumann Luthchleas Gael do Rang 1 & 2 ar an 10ú Deireadh Fómhair.
  • Tá na ceardlainne seo a leanas eagraithe dos na daltaí sa scoil:

Cork Pops i halla na cathrach (Rang 5&6)

Gaeilge 24 (Rang 5&6)

Ceardlainne Íme (Rang 2, 3 & 4)

Artemis Brass (Gach Rang)

STEM – Lego (Rang 3, 4 5 & 6)

  • Glacfaidh Rang 6 le sacraimint an Chóineartú ar an gCéadaoin, An 20ú Bealtaine.

 

Beidh an chéad chruinniú eile den Bhord Bainistíochta ar an Mháirt, an 5ú Samhain, 2019.

 

*******************************************************************************************************

The Board of Management of Gaelscoil Choráin met on Wednesday, the 18th of September, 2019.

 

The following is the agreed report from the meeting.

  • Three fixed term teaching appointments were made over the summer holidays to fill a secondment and two career break positions. One fixed term SNA appointment was made. The new appointees are Carmel Uí Chiardha-Bhriain, Sinéad Ní Chonaill, Aisling Ní Fhlaithearta and Antóin Ó Diolúin. The Board of Management congratulated all four and wished them every success for the year ahead and in their careers.
  • The Board thanked Fr. Winkle for his dedication to the Board of Management over the past thirteen years and for his diligence in supporting the school to prepare students in Rang 6 for the sacrament of Confirmation. Fr. Winkle is now parish priest in Carrigtwohill parish and the Board wishes him every blessing and success in his ministry there.
  • The Board thanked the visiting missionaries from ‘Pobal Céilí’ who worked for a week with the children in the school. It was a great pleasure for the entire school community to work with them and everyone who participated with them derived much satisfaction and benefitted from their kindness of spirit.
  • The Board’s four year term of office will be up on November 30th, 2019. A newly elected Board of Management will be in situ on December 1st, 2019. The Board thanked all members for their dedication and commitment over the past four years.
  • Much renovation was done to the interior of the school over the summer holidays. The walls, ceilings and doors on the first floor were painted and all lights on this floor were replaced with LED energy efficient fittings. A fitted kitchen was built in the staff room. The Board thanked Príomhoide Caitríona Ní Riada for all of the organisation work that was involved prior to and during these renovation works.
  • The school community is very proud of the school garden which is currently in bloom. The Board of Management commended the wonderful work which the gardening committee did over the summer holidays in tending to the needs of the garden. Príomhoide Caitríona Ní Riada applied to ARGOS to be considered as one of their worthy community projects as part of their social corporate responsibility to local communities. The application was successful and great work was done to the garden free of charge by ARGOS employees. Flowerbeds were painted, weeds were picked and a base was made for the new composter. The Board commended the wonderful charitable work which ARGOS did to help benefit our school community.
  • The school drama will be staged on Thursday, December 12th. Raffle tickets will be sold outside of SuperValu on Friday, December 6th.
  • The school is active in promoting various sports. All of the students in the school are currently participating in poundfit lessons and are thoroughly enjoying the lessons. Students from Naíonáin Bheaga to Rang 2 will participate in football skills for six weeks starting in mid October and students from Rang 3 to Rang 6 will participate in tag rugby. Students in Rang 3 and Rang 4 will participate in swimming lessons commencing in mid October. The senior classes are participating in Sciath na Scol at the moment and students from Rang 1-6 will participate in Cross Country races on Friday, September 27th. The Board thanked the Vice-Principal Eoin Ó Siochrú and teacher Alf Ó Duinnshléibhe for their commitment in training the team and in travelling to matches with them. The Board also thanked SNA Antóin Ó Diolúin who has accompanied students to a number of matches.
  • A football blitz is organised by the local GAA for student in Rang 1 & 2. The blitz will take place on October 10th.
  • The following workshops have been organised for students in the school:

Cork Pops in the City Hall (Rang 5 & 6)

Gaeilge 24 (Rang 5 & 6)

Butter Making Workshop (Rang 2, 3 & 4)

Artemis Brass (Every Class)

STEM – Lego (Rang 3, 4, 5 & 6)

  • Students in Rang 6 will receive the Sacrament of Confirmation on Wednesday, May 20th.

 

The next meeting of the Board of Management will be on Tuesday, November 5th, 2019.

 

 

 

Leave a reply
Fáilte Romhaibh Thar n-Ais Chuig Tír na nÓg!Sciath na Scol – Comhgháirdeas le Gaelscoil Choráin
All comments (1)
  • Teknik Informatika
    December 22, 2023 at 11:09 am

    Is maith liom a chloistéail go bhfuil an Bord Bainistíochta agus an pobal scoile go léir atá ag obair le chéile agus ag obair le linn na saoire chun bealaí nua bheatha a mholadh agus a chur i bhfeidhm sa scoil. Tá mé cinnte go mbainfidh na daltaí sult agus taitneamh as an nua-athchóiriú agus as an ghnáthdhéanamh sa scoil. Guím gach rath ar an scoil don téarma nua!

    Reply

Leave Your Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

You may use these HTML tags and attributes: <a href="" title=""> <abbr title=""> <acronym title=""> <b> <blockquote cite=""> <cite> <code> <del datetime=""> <em> <i> <q cite=""> <strike> <strong>