Dífhibrileoir Scoile
Ba mhaith le Gaelscoil Choráin buíochas ó chroí a ghabháil le gach éinne a chabhraigh go mór chun dífhibrileoir scoile a cheannach. Bhí díolachán cístí ar siúl i halla na scoile i mí Dheireadh Fómhair mar thiomsaitheoir scoile don chúis iontach seo. Buíochas ar leith do Chomhairle na dTuistí a d’oibrigh chomh dícheallach leis na beacha ag díol na cístí agus ag déanamh cupán tae dos na cuairteoirí.
Chuir ‘Youghal Responders’ oiliúint ar fáil i mí Eanáir do dhaltaí i Rang 4, 5 agus 6. Ár mbuíochas leo ar fad. Beidh traenáil ar fáil d’fhoireann na scoile an mhí seo. Beidh an dífhibrileoir curtha ar an bhfalla lasmuigh den scoil ionas go mbeidh sé ar fáil más gá do phobal na scoile agus don phobal i gcoitinne. ‘Tús na déirce sa bhaile, bua na déirce as baile’.