Bhí lucharacháin díograiseacha i halla na scoile dé Luain ag obair chomh dícheallach leis na beacha agus chomh gnóthach le seangán. D’oibrigh daltaí ó Naíonáin Bheaga go Rang 6 go healaíonta ar ornáideachais duilliúir don Nollaig. Bhí boladh álainn pailme san aer agus iad i mbun oibre. Chuir na páistí pailm agus cuileann le caora dearga isteach san ósais agus mhaisíodar é le spideóg, le spré órga agus le coinneal. Tús álainn iontach do shéasúr na Nollag