Bhain Rang 5&6 an taitneamh go deo as maidin iontach ceolmhar i Halla na Cathrach dé Máirt. Chuir an cheolfhoireann ‘Cork Pops’ fáilte mór rompu agus sheinneadar roinnt dréachtanna de cheol clasaiceach ó na scannáin. Bhí an deis ag na daltaí glacadh páirt sa cheolchoirm agus chanadar agus bhogadar le fonn!Bhí gliondar chroí ag na daltaí ar fad nuair a tháinig Keith Ó hÁinle ar an stáitse. Bhuaigh Keith ‘Guth na h-Éireann’ i 2013.