D’éirigh thar barr linn ar an gCéadaoin leis an bhfeachtas WOW (walk on Wednesday). D’eagraigh tionscnamh na Scoileanna Glasa seachtain agus lá faoi leith chun daltaí a mhealladh chun siúl ar scoil. Bhí sé mar aidhm againn gearradh siar a dhéanamh ar an méid gluaisteáin a bhíonn ar ár mbóithre agus iarracht a dhéanamh a bheith níos sláintiúla mar scoil. Bhí an feachtas seo mar cos i dtaca dúinn agus na h-iarrachtaí atá á dhéanamh againn chun a bheith aitheanta mar scoil glas. Ní neart go cur le chéile.