Chuaigh daltaí le múinteoir Lisa ar thuras scoile inné go dtí an Mardyke Arena i gCorcaigh. Bhí sár lá acu i mbun gníomhaíochtaí faoi leith ar nós Racaloons, Foghlaí agus Banphrionsaí, Preabchaisleán, Beacha Gníomhaíochta agus Cluichí Parasiúit. Bhaineadar sár-thaitneamh as an lá, ach go háirithe an seal a chaitheadar ag imirt i bPáirc Mhic Gearailt atá taobh leis an Mardyke. Lá den scoth a bhí againn ar fad. Táimid go léir tugtha traochta ach lán de scéalta! Is maith é an seanfhocal a deireann “an té a bhíonn siúlach, bíonn sé scéalach”.