I mbliana, táimid ag treabhadh ar aghaidh agus ag obair go dian chun an Brat Glas a bhaint amach don scoil. Tógfaidh sé dhá bhliain orainn an chéad brat, an brat do bhruscar agus dramhaíl, a ghnóthú agus le cúnamh Dé beimíd ábalta an gaisce a bhaint amach an bhliain seo chugainn. Tá Coiste Glas ghníomhach bunaithe again anseo i nGaelscoil Choráin agus tá idir múinteoirí ‘is páistí ó ranganna éagsúil mar bhall den gcoiste. Beimíd a bualadh le chéile uair amháin gach seachtain chun gnéithe éagsúil a phlé agus chun tús a chur le aidhmeanna an scoil. De réir a chéile a thógtar na caisleáin agus táimid ag súil go mór leis an mbóthar atá romhainn.