Bhí seans ag R5/6 (Múinteoir Barra) agus R6 (Múinteoir John) cuairt a thabhairt ar ‘Cinemobile’ in Eochaill chun féachaint ar chlár faisnéise faoi dhaoine atá níos sine ná Poblacht na hÉireann (níos mó ná 100 bliain d’aois). Tugadh cuireadh do thuistí agus seantuistí na bpáistí freastal ar an ócáid spéisiúil seo . Bhí sé soiléir an tábhacht a bhfuil ag sean daoine inár bpobal agus an meas a bhfuil ag daoine óga orthu. Bhaineamar go léir an-taitneamh as an lá!