D’éirigh go h-iontach le Glantacháin an Earraigh inár scoil inné, an 14ú Aibreáin. Bhí idir múinteoirí agus daltaí ón gCoiste Glas agus rang a 5&6 páirteach sa bhfeachtas seo. Bhailíomar go leor brúscar mórthimpeall an tráigh agus chur sé ionadh orainn an méid a fuaireamar i bhfolach faoin ngaineamh. D’oscail sé ár súille agus chabhraigh sé linn tuiscint níos fearr a bheith againn ar fadhbanna brúscar sa timpeallacht. Tuigimid níos fearr anois an cumhacht agus freagract atá againn mar bhaill den phobal chun é a choimeád glan agus sábhálta dúinn ar fad.
Cé gur bhailíomar roinnt mhaith brúscar, caithfimid admháil nách raibh fuílleach brúscar le fháil ar an dtráigh. Léiríonn sé seo go bhfuil muintir na h-áite ag coimeád súil ar brúscar agus go bhfuil ag éirí leo an baile a choimeád glan. Mo bhuíochas daoibh ar fad!
Táimid chun treabhadh ar aghaidh lenár gcuid oibre i dtreo an Brat Glas a bhaint amach agus obair dian a chur isteach sa bhfeachtas iontach seo. Tá súil againn gur thug an glantacháin seo spreagadh daoibh i dtaobh ár cheanntar féin a choimeád leasaithe agus go mbeimid ag obair as lámh a chéile in aghaidh an bhruscair