Mar chuid de chomóradh 1916 d’árdaíomar Brat na hÉireann inniu. Bronnadh an brat seo orainn i mí Eanair nuair a tháinig toscairí de lucht cosanta na hÉireann chugainn. Léigh daltaí Rang 6 forógra nua chumtha acu féin, don slua a bhí bailithe don ocáid. Bhí ceol, rince agus filíocht againn. Buaicphointe na hocáide ná árdú an bhrait. Mórtasach a bhíomar.