Lá Gorm
23rd May 2024
Bhí Lá Gorm againn ar scoil le déanaí. Mar chuid den Lá Gorm chuamar go dtí Trá an Mhaill. Bhí am deas againn ann. Bhailíomar an-chuid sliogán agus clocha chomh maith le rudaí eile ar nós cipíní agus píosaí cré. Bhíomar ag tocailt sa ghaineamh chomh maith. Bhí an-spraoi againn gan dabht!