Bhí lá iontach stairiúil againn an tseachtain seo chaite le Tánaiste na tíre Mícheál Máirtín inár dteannta. D’éist sé go cúramach lenár n-achainní agus bhí sé fial flaithiúil lena cuid ama linn. Mhol sé do pháistí na scoile a bheith páirteach i spórt agus i ngníomhaíochtaí cultúrtha. Tá ard-mholadh tuillte ag ár bhfoireann díograiseach agus ag ár ndaltaí iontacha.