Táimíd an-bhródúil as ár ngairdín scoile atá ag bláthú ‘s ag bláthú gach uile lá. Tá prátaí, gearlóg, luibheanna. píseanna, biatas, bláthanna fiáine, leitís agus an chuid torthaí, glasraí agus bláthanna curtha againn. Táimíd fíor bhuíoch as ár gcoiste garraíodóireachta a thugann aire don gháirdín gach uile seachtain. Le cúnamh Dé cuirfidh ár ngáirdín álainn fáilte ó chroí romhainn go léir nuair a fhillfimíd mar phobal scoile. ‘An té a chuireann san Earrach. bainfidh sé san Fhómhar’.