A Chairde uilig,
Guím Nollaig shábháilte, shláintiúil faoi shíocháin oraibh ar fad agus Athbhliain faoi mhaise dhaoibh agus ar bhur dteaghlaigh. Míle buíochas as bhur gcuid dtacaíochta agus as bhur gcomhoibriú i rith na bliana. ‘Ar scáth a chéile a mhairimíd’. Dúnfar an scoil ar an Aoine, An 20ú Nollag ar a 12 i.n. agus osclófar an scoil ar an Luan, An 6ú Eanáir, 2020.
Le gach dea-ghuí don Nollaig & don Bhliain Nua.
Príomhoide Caitríona