Nach iontach an scléip agus an spraoí a bhí ag Rang 5 le déanaí nuair a tugadh an deis dóibh chun píotsaí a dhéanamh sa rang le cabhair ó Pappa Johns. Comhgháirdeas le Rúbaí Ní Dhanachair a bhuaigh comórtas ealaíne le Pappa Johns agus de thoradh ar sin bhuaigh sí duais ranga dona rang. An duais ná an deis chun píotsaí a dhéanamh sa rang! Chuir na daltaí piobair, piobarónaí, beacáin, oinniúin, liamhás, sicín, cáis agus trátaí ar bun na píotsaí. Tar éis an obair chruthaitheach sin tógadh na píotsaí chuig siopa Pappa Johns agus cuireadh iad san oigheann chun iad a bhácáil. Tar éis tamaillín bhig tháinig na píotsaí thar n-ais chun na scoile i mboscaí. Dár leis na daltaí níor bhlais píotsa riamh chomh blasta! ‘Bíonn blas ar an mbeagán’.