Díoladh sicíní na Cásca sa scoil chun airgead a thuilleamh don chúis iontach ‘Chernobyl Ireland’. Bailíodh €838 ar an iomlán. Moladh go deo tuillte ag na daltaí ar fad a dhíol na sicíní agus a cheannaigh na sicíní.
Bronnadh €300 ar Chumann Ailse na hÉireann ar Lá Lus An Chromchinn. ‘Tús na déirce sa bhaile, bua na déirce as baile’.