Beannachtaí na Féile Pádraig oraibh ar fad. Bhí scáileanna glasa éagsúla le feiscint ar fud na scoile ar an Aoine. Ghléas idir daltaí agus baill foirne suas do Lá Fhéile Pádraig agus b’iontach an radharc é. Céiliúradh Seachtain na Gaeilge i rith na seachtaine agus léirigh gach éinne an bród agus an grá atá acu dona dteanga dúchais. ‘Beatha teanga í a labhairt’.