Tuairisc Aontaithe ón mBord Bainistíochta/Agreed Report from the Board of Management

November 27, 2017

Bhuail An Bord Bainistíochta ar an Mháirt, An 21ú Samhain, 2017 ar a 7.30 i.n.

Seo an tuairisc aontaithe ón gcruinniú sin.

  • Cuireadh iarratas ar dheontas isteach chuig an tAonad Pleanála agus Tógála den Roinn Oideachais agus Scileanna do mhaoiniú éigeandála chun dromchla an clóis chun tosaigh a chlúdú agus chun na draenacha a dheisiú. D’fhostaigh an Bord Bainistíochta innealtóir comhairleach (Alan Barber Ltd.) chun tuairisc scríofa le fianaise fhótagrafach a cur leis an t-iarratas. Pé scéal é cuireadh comhfhreagras chun na scoile le déanaí ag míniú nach mbeidh an obair sin tógtha san áireamh faoin scéim seo. Moladh gur chóir iarratas a chur isteach do scéim na noibreacha Samhraidh. Níl sonraí na scéime sin fógraithe fós. Aontaíodh go gcuirfidh an Bord Bainistíochta iarratas isteach nuair a bheidh an scéim fógraithe.
  • Rinneadh athbhreithniú ar an bpolasaí frithbhulaíochta agus daingníodh an polasaí nua. Daingníodh an polasaí tinrimh scoile freisin. Tógadh tuairimí baill den Bhord Bainistíochta, baill foirne agus baill de Chomhairle na dTuistí san áireamh sular daingníodh na polasaithe.
  • Beidh drámaí na Nollag á léiriú ar an stáitse i halla na scoile ar an Aoine, An 15ú Nollag. Aistríodh an dáta toisc go mbeidh lá traenála don Churaclam Teanga Nua san Ionad Oideachais i gCorcaigh don bhfoireann teagaisc ar an 13ú Nollag.
  • Freastalóidh daltaí i Rang 1 ar an seó geamaireachta ‘Sneachta Bán & na Seacht Draoidín’ san Áras Ceoldrámaíochta i gCorcaigh ar an 6ú Nollag. Freastalóidh Naíonáin Bheaga agus Naíonáin Mhóra ar an gceolseó ‘Rudolph’ in Óstán An Clayton, Tobar An Airgid ar an 12ú Nollag.
  • Gabhadh comhghairdeas le daltaí i Rang 6 a tháinig sa tarna áit i dtráth na gceist an Comhar Creidmheasa le déanaí. ‘Mol an óige agus tiocfaidh sí’.
  • Thug an Bord Bainistíochta aitheantas don sár obair atá á dhéanamh sa scoil maidir l’oiliúint a chur ar na páistí faoi shábháilteacht uisce. Bronnadh brat sábháilteachta uisce ar an scoil le déanaí.
  • Gabhadh comhghairdeas le múinteoirí Úna de Paor agus Ailbhe Ní Loingsigh a bhain céim Máistreachta san Oideachas amach roimh an briseadh idir téarma. Gabhadh comhghairdeas le múinteoir Síle Ní Choileáin a bhain céim san Oideachas agus sa tSiceolaíocht amach freisin.
  • Beidh lá láinseála den chlár cúraim frithbhulaíochta sa scoil ar an Mháirt, An 28ú Samhain. Beidh an clár cúraim á mhúineadh do gach dalta ó Rang 1 go Rang 6 sa bhliain acadúil seo agus sna blianta amach romhainn.

 

Beidh an chéad chruinniú eile den Bhord Bainistíochta ar an Mháirt, an 30ú Eanáir, 2018.

 

_______________________________________________________________________________________________________

The Board of Management of Gaelscoil Choráin met on Tuesday, the 21st of November, 2017.

 

The following is the agreed report from the meeting.

  • An application for grant funding under the emergency work scheme was submitted to the Planning and Building Unit of the Department of Education and Skills to resurface the infant yard and to repair the drains. The Board of Management tendered for and employed a consultant engineer (Alan Barber Ltd.) to write up a written report on the required work and to submit photographic evidence to support the application. However the school recently received correspondence to state that this work will not be considered under this scheme. It was advised that an application be submitted under the Summer Works Scheme. The details of this scheme have not yet been announced and therefore the Board of Management agreed that once announced an application will be submitted.
  • The anti-bullying policy was reviewed and formally ratified. The school attendance policy was also ratified. Prior to ratification of both policies the opinions of the Board of Management, of the staff and of the Parents’ Council were considered.
  • The Christmas dramas will be staged in the school hall on Friday, December 15th. A change of date was necessary as the school received notification of a training day for teaching staff for the new Primary Language Curriculum in the Education Centre in Cork on December 13th.
  • Students in Rang 1 will attend the panto ‘Snow White & The Seven Dwarfs’ in the Opera House on December 6th. Students in Naíonáin Bheaga and in Naíoáin Mhóra will attend the musical ‘Rudolph’ in the Clayton Hotel, Silversprings on December 12th.
  • Students in Rang 6 were congratulated on recently coming second in the Youghal Credit Union quiz for primary schools. ‘Mol an óige agus tiocfaidh sí’.
  • The Board of Management acknowledged the wonderful work that is being done in the school in educating students on water safety and on their recent award of the water safety flag.
  • Congratulations were extended to teachers Úna de Paor and Ailbhe Ní Loingsigh on their successful completion and subsequent award of the Masters in Education degree. Congratulations were also extended to teacher Síle Ní Choileáin who recently graduated with a Bachelor in Education and in Psychlogy degree.
  • An anti-bullying care programme will be launched in the school on Tuesday, November 28th. The care programme will be taught to all students from Rang 1 to Rang 6 in the current academic year and in the years ahead.

 

The next meeting of the Board of Management will be on Tuesday, January 30th  2018.

 

 

 

Leave a reply
Comhghairdeas leat a ToriEalaín na Nollag

Leave Your Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

You may use these HTML tags and attributes: <a href="" title=""> <abbr title=""> <acronym title=""> <b> <blockquote cite=""> <cite> <code> <del datetime=""> <em> <i> <q cite=""> <strike> <strong>