Tuairisc Aontaithe ón mBord Bainistíochta/Agreed Report from the Board of Management

October 09, 2017

Bhuail An Bord Bainistíochta dé Máirt, An 3ú Deireadh Fómhair, 2017 ar a 7.30 i.n.

Seo an tuairisc aontaithe ón gcruinniú sin.

  • Roimh saoire an tSamhraidh ceapadh Síle Ní Choileán agus Donncha Ó Ceallacháin trí iomaíocht oscailte mar oidí ranga príomhshrutha um théarma seasta. Dhaingnigh an Bord Bainistíochta na ceapacháin seo ar an 21ú Meitheamh. Ceapadh Sinéad Ní Arrachtáin trí iomaíocht oscailte ar an 15ú Lúnasa mar chúntóir riachtanais speisialta. Ghabh an Bord Bainistíochta comhghairdeas leo agus guíodh gach rath orthu agus ar phobal na scoile don bhliain acadúil 2017/18.
  • Faoi láthair tá trí chéad agus a naoi déag dalta cláraithe i nGaelscoil Choráin. Tá seachtar déag ar an bhfoireann teagaisc leis an bPríomh-Oide san áireamh. Tá triúr chúntóir riachtanais speisialta lánaimsearha sa scoil.
  • Rinneadh roinnt mhaith obair sa scoil i rith saoire an tSamhraidh. Ghabh an Bord Bainistíochta buíochas do Phríomh-Oide Caitríona Ní Riada as ucht obair an tSamhraidh a eagrú agus as ucht maoirseacht a dhéanamh air. Cuid den obair sin ná:
  • Fostaíodh an comhlacht ‘Jim Davis and Company’ chun na draenacha a ghlanadh agus chun an caonach a bhaint ón ndíon.
  • Fostaíodh Seán Ó Néill chun na crainn sa chlós chun tosaigh a ghearradh síos.
  • Cuireadh síos trí chairpéad nua sna seomraí ranga agus cuireadh suas roinnt dallóga lándorchaithe sna seomraí.
  • Fostaíodh an comhlacht ghlantacháin ‘Kilnatoora’ chun an pasáiste, na leithrisí, na seomraí ranga thíos staighre agus na rugaí a ghlanadh.
  • Tá an scoil ag déanamh iniúchadh ar conas is féidir garraíodóireacht a fhorbairt i spás srianta. Tá sé ar intinn ag an scoil garraithe scóir a fhorbairt do gach rang. Tá coiste beag i mbun oibre air faoi láthair.
  • Gabhadh comhghairdeas le foireann na scoile faoi thrí déag a gnnóthaigh an chéad áit i dtráth na gceist na hInse le déanaí. ‘Mol an óige agus tiocfaidh sí’.
  • Tá athbhreithniú á dhéanamh ar an bpolasaí frithbhulaíochta. Cuireadh an polasaí reatha faoi bhráid an Bhoird Bhainstíochta. Tugadh cóip den pholasaí do fhoireann na scoile agus do Chomhairle na dTuistí. Tá tuairimí na comhpháirtithe á bhailiú faoi láthair agus tá sé ar intinn ag an mBord an dréacht deireanach a dhaingniú ag an chéad chruinniú eile.
  • Beidh drámaí na Nollag á léiriú ar an stáitse i halla na scoile ar an nDéardaoin, An 14ú Nollag.
  • Glacfaidh Rang 6 le sacraimint an Chóineartú ar an 1ú Bealtaine agus glacfaidh Rang 2 le sacraimint an Chéad Chomaoineach Naofa ar an 19ú Bealtaine. Gabh an Bord Bainistíochta gach beannacht ar na daltaí agus ar na múinteoirí lena gcuid ullmhúcháin dos na sacraimintí seo.
  • Gabhadh comhghairdeas le múinteoir Ailbhe Ní Loingsigh a phós le déanaí. Tá Ailbhe ar iasacht ón scoil ag an bPDST le cúpla bliain anuas.
  • Beidh an chéad chruinniú eile den Bhord Bainistíochta ar an Mháirt, an 21ú Samhain, 2017.

 

The Board of Management of Gaelscoil Choráin met on Tuesday, the 3rd of October, 2017.

The following is the agreed report from the meeting.

  • Prior to the summer holiday’s Síle Ní Choileáin and Donncha Ó Ceallacháin were appointed through open competition as fixed term mainstream class teachers in Gaelscoil Choráin. These appointments were ratified by the Board of Management on the 21st of June, 2017. Sinéad Ní Arrachtáin was appointed as a special needs assistant on the 15th of August. The Board of Management congratulated them and wished them along with the school community the very best for the academic year 2017/18.
  • At present there are three hundred and nineteen students enrolled in Gaelscoil Choráin. There are seventeen teaching members of staff including the Principal and there are three full time special needs assistants.
  • A significant amount of maintenance and cleaning work took place in the school during the summer holidays. The Board of Management acknowledged the enormous contribution and dedication of Príomh-Oide Caitríona Ní Riada in organising and overseeing this work. Some of the work included:
  • The employment of ‘Jim Davis and Company’ to clear the drains and to clean the moss from the roof of the building.
  • The employment of Seán Ó Neill to fell the trees in the front yard and to treat the roots.
  • Three new carpets were laid in classrooms and blackout blinds were hung in a number of rooms.
  • The employment of ‘Kilnatoora’ cleaning company to clean the rooms and toilets downstairs, the hall from front to rear exit and the valeting of all mats in the school.
  • The school is looking at innovative and practical ways of developing garden allotments in the school taking space constraints and location into consideration. It is hoped that each class will in time have a little allotment to tend to and to care for.
  • The Board congratulated the schools under thirteen team on recently coming first in the Inch festival quiz. ‘Mol an óige agus tiocfaidh sí’.
  • The school is currently reviewing its anti-bullying policy. The existing policy was presented to the Board of Management and a copy was circulated to staff and to the Parents’ Council committee. Suggestions from the above mentioned partners in education are being accepted and it is the intention of the Board of Management to ratify the final draft of the policy at the next meeting.
  • The annual Christmas dramas will be staged in the school hall on Thursday, December 14th.
  • Students in Rang 6 will receive the sacrament of Confirmation on May 1st and students in Rang 2 will receive the sacrament of First Holy Communion on May 19th. The Board of Management wished all of the participating students and teachers involved every blessing in their preparations for these important sacraments.
  • The Board congratulated múinteoir Ailbhe Ní Loingsigh on her recent marriage. Ailbhe is currently on secondment from the school with the PDST.
  • The next meeting of the Board of Management will be on Tuesday, November 21st, 2017.
Leave a reply
Comórtas Mini SevensScoil Oscailte Amárach

Leave Your Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

You may use these HTML tags and attributes: <a href="" title=""> <abbr title=""> <acronym title=""> <b> <blockquote cite=""> <cite> <code> <del datetime=""> <em> <i> <q cite=""> <strike> <strong>