Céiliúradh lá na seantuismitheoirí agus na seancháirde sa scoil ar lá le Coráin. B’ócáid álainn athmhachnamhach í do gach glúin agus tugadh aitheantas do gach duine as an ról tábhachtach a bhíonn acu i saoil a chéile. Bhailigh idir seantuismitheoirí, sín seantuismitheoirí, gaolta agus páistí i halla na scoile ag amannta difriúla chun an ócáid a chéiliúradh. Bhí amhránaíocht, rince, filíocht, ceol agus rannta mar ábhar siamsaíochta. D’fhill seantuiste amháin thar n-ais chuig an tseomra ranga chun scéalta a roinnt leis na páistí faoin saol scoile fadó fadó. Bhí cupán tae agus cístí, toirtíní agus píoga blasta ar fáil buíochas do Chomhairle na dTuistí. Lá dár saoil a bhí ann agus bhaineamar go léir an taitneamh go deo as.