Tháinig grúpa ceoil Iodálach ‘Le Leggera’ chuig Gaelscoil Choráin dé Luain, An 27ú Meitheamh agus bhaineamar uilig an sult go deo as an dtaispeántas ceoil agus rince a rinneadar dúinn. Chanadar amhrán traidisiúnta dúinn agus ag deireadh bhíomar ar fad ag canadh leo! Sheinn Comhaltas Craobh Eochaille roinnt portanna freisin agus chríochnaíomar le ‘Óró Sé do Bheatha Bhaile’. Lá álainn ceolmhar i mí an Mheithimh agus críoch iontach d’obair na bliana. Ár mbuíochas leo.