Bhí lá spóirt den scoth againn inniu thuas sa pháirc C.L.G. Bhí na páistí lán de sceitimíní ag imeacht chun na páirce. Bhí rásanna éagsúla againn – rás na dtrí gcos, rás málaí, ubh le spúnóg, ag caitheamh an ‘welly’, rás barra rotha agus mórán eile chomh maith. Picnic deas ar thaobh na páirce chun críoch álainn a chur le lá aoibhinn. Buíochas mór le comhairle na dtuistí a chur rudaí deasa ar fáil le n-ithe agus a chabhraigh linn. Lá d’ár saol agus cuimhní iontacha.
All comments (1)
Dearbhla Uì LAOIRE
Lá iontach , go raibh maith agaibh go léir. Clann Uí LAOIRE
Reply