Céiliúradh Scor Scoile Sheáin Uí Mhurchú

March 15, 2016

Bhí céiliúradh scor scoile ar siúl i halla na scoile dé h-Aoine seo caite, An 11ú Márta don t-Uasal Seán Ó Murchú. D’éirigh Seán as mar Phríomh Oide na scoile ar an 31ú Nollag, 2015. Gabhadh buíochas leis an Iar-Phríomh Oide as trí mbliana ‘s triocha de sheirbhís, de dhíograis, de mhaoirseacht agus de cheannaireacht i nGaelscoil Choráin. Cuireadh tús leis an gcéiliúradh le seirbhís urnaí. Labhair Canónach de Brún agus An t-Athar Pádraig Winkle faoina uaisleacht agus a chineáltas. Labhair an Príomhoide Caitríona Ní Riada maidir lena shéimheacht, a fhlaithiúlacht agus a ghrá d’ár dteanga dúchais. Sheinn banna cheoil na scoile roinnt poirt agus bhí mír rince agus amhránaíocht mar chuid den chéiliúradh freisin. Bhí an halla maisithe go h-álainn l’ealaín na ndaltaí agus bhí grianghrafanna le feiscint ó bhóithrín na smaointe. I láthair don ócáid bhí teaghlach Sheáin, baill den chléir, Bord Bainistíochta na Scoile, Foireann Teagaisc agus Tacaíochta na Scoile, Daltaí, Comhairle na dTuistí, Príomh Oidí áitiúla agus Aoínna Speisialta. Bhronn Bord Bainistíohta na Scoile lampa ón siopa potadóireachta ‘;Jack o Patsy’ air agus bhronn Comhairle na dTuistí pictiúr ealaíne déanta ag an t-ealaíntóir áitiúla, Pauline Neville. Lá mórtasach bródúil ab ea é do phobal na scoile ina h-iomlána. Gabhaimís fad saoil, sláinte an bhradáin agus sonas ar Sheáin agus ar a theaghlach. ‘Go n-éirí an bóthar leis, an cosán agus an cóngar’.

IMG_8953

 IMG_8991 IMG_8995 IMG_9017 IMG_9054 IMG_9060 IMG_9094 IMG_9096 IMG_9103

Leave a reply
Sorcas sa ScoilÁrdú an Bhrait

Leave Your Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

You may use these HTML tags and attributes: <a href="" title=""> <abbr title=""> <acronym title=""> <b> <blockquote cite=""> <cite> <code> <del datetime=""> <em> <i> <q cite=""> <strike> <strong>