Bronnadh an Fháinne Airgid ar Rang 6 ag searmanas i halla na scoile ar an Mháirt, An 16ú Meitheamh. Ba í Aingeal Bn. Uí Dhomhnaill ón mBord Bainistíochta agus ó Chonradh na Gaeilge in Eochaill, a bhronn an fáinne ar na daltaí, lena gcuid dul chun cinn i bhfoghlaim na Gaeilge a cheiliúradh. Ócáid speisialta, dearfach agus mhothúchánach a bhí ann dos na daltaí, a dtuismitheoirí agus do phobal na scoile ar fad. Bhí damhsa, amhránaíocht agus ceol mar chuid den chéiliúradh iontach. Comhgháirdeas leo ar fad & go n-éirí go geal leo sa saol amach rompu.