Tá pobal na scoile an-bhródúil ar fad as foireann peile na scoile a ghlac páirt sa chluiche ceannais de Sciath na Scoil i bPáirc Uí Rinn le déanaí. Tá moladh go deo tuillte acu as a seasmhacht agus as an spiorad foirne a léiríodar i rith an chomórtais agus ar an lá mór. Tá moladh tuillte freisin ag a dtraenálaithe Eoin Ó Siochrú, Alf Ó Duinnshléibhe agus Antóin Ó Diolúin. ‘Mol an óige agus tiocfaidh sí’.