Ghlac daltaí i Rang 5 & 6 i nGaelscoil Choráin páirt ins an bhfeachtas ‘Gaeilge 24’ ar an 12ú Samhain. Bhaineadar an taitneamh go deo as. An aidhm atá leis an bhfeachtas seo ná chun ár dteanga dúchais a chur chun cinn agus chun pobal na scoile a spreagadh chun an teanga gaeilge a labhairt ar feadh 24 uair an chloig. Eagraíonn Conradh na Gaeilge an imeacht seo gach bliain do dhaltaí bunscoile agus meánscoile. D’éirigh leo €810 a thuilleamh do Chonradh na Gaeilge. Úsáidfear an tairgead seo chun an teanga a threisiú agus a neartú mar theanga beo cumarsádeach.
Léiríodar drámaí d’ard chaighdeán dos na ranganna éagsúla, roinneadar seanfhocail le pobal na scoile, léadar scéalta gaeilge dos na bunranganna agus ghlacadar páirt i dtráth na gceist as gaeilge. Ár mbuíochas lena múinteoirí Liam Ó Riain, Emer Uí hAodhgháin agus Carmel Uí Chiardha-Bhriain as an sár obair atá á dhéanamh acu leo ar son ár dteanga dúchais. ‘Beatha teanga í a labhairt’.