Chuaigh na ranganna Naíonáin ar thuras go Fota ar an Déardaoin seo caite i dteannta a múinteoirí Hanora, Emer agus Aoife agus cúntóirí Lysa agus Tracie. Bhain siad árd taitneamh as na hainmhithe go léir – na moncaithe ach go háirithe!! Bhí an slua tuirseach traochta ag filleadh abhaile ach bhí gach éinne sona sasta.