Tháinig cuairteoirí chugainn inniu ag bronnadh Brat na hÉireann ar an scoil. Bhí daoine ón gcabhlach agus ón airm – Óglaigh na hÉireann linn. Dhein páistí na scoile taispeantas iontach a chur os comhair na haíonna idir canadh, rince agus ceol. Buíochas mór le gace éinne a d’eagraigh na himeachtaí. Is cuid de chomóradh Eirí Amach 1916 é seo, ina bhfuil gach scoil sa tír ag fáil Brat na hÉireann. Gheobhaimid brat eile i gceann 100 bliain eile is dócha.